13. Ann sin a deir seisean ris an duine, Sín a mach do lámh. Agus do shin; agus do bhí sí ar na haiseag slán, mar an láimh eile.
14. Agus ar ndul a mach do na Pharisineachaibh, do chúadar a gcomhairle na aghaidhsean, do chum go millfidís é.
15. Agus an tan do aithin Iósa so, do imthigh sé as sin: agus do lean slúagh mór é, agus do shlánaigh sé íad uile;
16. Agus do rinne sé bagar orrtha do chum nach déanaidís follus é.
17. Do chum go gcoimhlíonfuidhthe an ní a dubhradh tré Esaías faidh, a deir,
18. Féuch mo shéarbhfhoghantuidhe féin, do thogh mé; mo ghrádh féin, dá bhfuil toil mhór ag manam: cuirfidh mé mo spiorad féin air, agus inneósuidh sé breitheamhnus do na Cineadhachaibh.
19. Ní dhéanaidh sé ceannairc, ní dhéanaidh sé éimhghe; agus ní chluinfidh neach ar bith a ghúth air na sráidibh.
20. Ní bhrisfidh sé giolcach brúite, agus ni mhúchaidh sé lion do ní deatach, nó go dtuguidh sé breitheamhnus chum búadha.