6. Agus is beannuighthe an té, nach bhfuighe scannail ionnamsa.
7. Agus air nimtheachd dóibhsion, do thionnsgain Iósa teachd thar Eóin ris ata gcoimhthionól, ag rádh, Créd é an ní agá ndeachabhair a mach fan fhásach dá fhéachain? An giolcach dá bhogadh ag an ngáoith?
8. Achd créd é an ní agá ndeachabhair a mach dá fhéuchuin? Duine a tá ar na éadughadh re héaduighibh mine? féuch, an mhuinntir chuireas éaduighe mine iompa is a dtighthibh na riogheadh bhíd said.
9. Achd créd é an ní ag a ndeachabhair a mach da fhéuchain? Fáidh? a deirim ribh go deimhin, an ní as mó ná fáidh.
10. Oir a sé so an té, air a sgriobhthar, Féuch, cuirimsi mo theachdaire romhad, neach uillmhéochas do shlighe romhad.
11. A deirim ribh go fírinneach, Nach ar eirghidh eidir chlannaibh na mban neach is mó ná Eoin Baisde: ach cheana giodh bé is lugha ann sa rioghachd neamhdha is mo é ná eisean.
12. Agus ó láethibh Eóin Baisde gus a nois a tá foiréigean dá dhéanamh ar an rioghachd neamhdha, agus fúaduighid luchd fhoiréigin í.
13. Oír do rinneadar na fáighe uile agus an dligheadh fáigheadóireachd go Héoin.
14. Agus mas toil libh a ghabháil, sé so Elias, do bhí chum teachda.
15. Giodh bé agá bhfuil clúasa chum éisdeachda, eisdeadh sé.
16. Achd cía lé a samhleóchuidh mé an geinealachso? Is cosmháil é ré garlachuibh shuigheas ar na marguidhibh, agus eimhgheas ar a gcompánachuibh,