20. Do thionnsgain sé an tansin milleán do thabhairt do na cathrachaibh ann ar foillsigheadh mórán dá shubhailcidhibh, ar son nach dearnadar aithríghe:
21. Is anáoibhinn dhuit, a Chorasin! Is anáoibhinn duit, a Bhetsáida! Óir da madh a Ttírus agus a Sídon, do dhéantuidhe na miorbhuile, do rinneadh ionnaibhsi, is fada ó shoin do dhéindís aithrighe a néadach róin agus a lúaith.
22. Achd cheana a deirimsi ribh, Go madh socamhluighe do Thírus agus do Shídon a ló an bhreitheamhnus, na dháoibhsi.
23. Agus tusa, a Chapernáum, a tá ar do thógbháil súas go neamh, téilgfidhthear síos go hifrionn thú: óir dá madh a measg luchd Shodoim do dhéantuidhe na míorbhuile, do rinneadh ionnadsa, do anfaidis gan sgrios gus a níu.