5. Do chuir Iósa an da fhear dhéugso a mach, a tabhairt aitheantadh dhóibh, ag rádh, Na gabhaidh go slighe na Gcineadhach, agus na heírghigh a sdeach a gcathuir na Samaritánach;
6. Achd go madh táosga rachtháoi chum cáorach thighe Israel atá ar ndul a múgha.
7. Agus ar nimtheachd dháoibh, déunidh seanmóir, ag radh, Do dhruid rióghachd neimhe ribh.
8. Slánaighidh na daóine éugcrúaidhe, glanaigh na lobhair, dúisgidh na mairbh, teilgidh a mach na deamhain: a naisgidh fúarabhair, tabhruidh uáibh a naisgidh.
9. Na soláthruigh ór, na airgead, na úmha in bhur gcreasaibh,
10. Ná mala chum na sligheadh, na dhá chóta, na bróga, na bata: óir is fíu an fear oibre a chuid dfhaghail.
11. Achd giodh bé ar bith cathair no baile ann a rachdaoi a sdeach, fíafruighidh cía bhías deangmhalta innte; agus fanaidh ann sín nó go bhfágtháoi í.
12. Agus ar ndul a sdeach do tigh dháoibh, beannuighidh dhó.
13. Agus mas fíu an tighsin é, go bhfoghnuigh bhur mbeannughadh dhó: agus muna fíu, go bhfillidh bhur mbeannughadh chugaibh féin a rís.
14. Agus giodh bé neach nach géubhaidh sibhsi, agus nach éisdfidh bhur mbriathar, ar ndul a mach as an teach nó as an gcathruighsin díbh, craithidh dhíbh lúaithreadh bhur gcos.