Mhata 10:25-40 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

25. As lór don deisgiobal bheith mar a mhaighisdír, agus don tshearbhfhoghantuidhe bheith mar thighearna. Má ghoireadar Beelsébub dfhior an tighe, a né nach mó ná sin ghoirfid é dá mhuinntir?

26. Ar a nadhbharsin na bíodh a neagla oraibh: óir ní bhfuil ní ar bith folaighthe, nach dtiocfuidh chum soillsi; agus ní bhfuil énní ar ceilt, nach aitheontar.

27. An ní a deirimsi ribh ann sa dorchadus, abruidhsi é ann sa tsolus: agus an ní do chluinntí in bhur gclúais, foillsighe é air mhullach na tighthe.

28. Agus na bíodh oruibh eagla na muinntíre mharbhas an corp, agus leis nach éidir an tanam do mharbhadh: achd go madh mó bhías eagla an tí ud oraibh le nab éidir an tanam do mharbhadh: achd go madh mó bhías eagla an tí ud oraibh le nab éidir an corp agus an tanam do mhilleadh a nifrionn.

29. A né nach reacthar dhá ghealbhann ar fhéorlig? agus ní thuitfidh áon aca ar an dtalamh gan bhur Nathairse.

30. Achd cheana atá grúag bhur gceinnse uile ar na comháireamh.

31. Ar a nádhbharsin na bíodh eagla oraibh, is fear sibhsi ná mórán gealbhánn.

32. Ar a nadhbharsin giodh bé aidmhéochas misi eision a bhfíaghnuisi Mathair atá ar neamh.

33. Agus gidh bé shéanfas misi a bhfíaghnuisi na ndáoine, séanfuidh misi eisean an bhfíaghnuisi Mathair a tá ar neamh.

34. Ná measaigh go dtáinic misi do chur shíothchana ar an dtalamh: ní do chur shíothcána tháinic mé, achd do chur cloidhimh.

35. Oír tháinic me do chur duine a naghuidh a athar, agus na hinghine a naghuidh a mathar, agus mná an mhic a naghuidh mathar a céile.

36. Agus budh naimhde do dhuine a luchd éintighe féin.

37. Giodh bé grádhuigheash a athair no a mathair ni is mó na misi ní fíu é misi: agus giodh bé ghradhuigheas a mhac nó a inghean ós mó chionnsa ní fíu é misi.

38. Agus an té nach nglacann a chros, agus nach leanann misi, ní fíu e misi.

39. Giodh bé gheabhas a anam caillfidh sé é: agus giodh bé chaillfeas a anam air mo shonsa do gheabhaidh sé é.

40. An té ghabhas sibhse chuige gabhaidh sé misi, agus giodh bé ghabhas misi gabhuidh sé an té do chuir bé ghabhas misi gabhuidh sé an té do chuir úadh mé.

Mhata 10