19. Achd an tan do bhéaraid said úatha a láimh sibh, na bíodh na rochás oruibh cionnas no créd laibhéortháoi: óir do bhéarthar dháoibh ar a núarsin féin an ní laibhéortháoi.
20. Oír ní sibhsi labhrus, achd Spiorad bhur Nathar féin labhrus ionnaibh.
21. Agus do bhéaruidh an dearbhrathair a dhearbhrathair chum báis, agus an tathair an mac: agus éireochuidh an chlann a naghuidh a naithreach agus a maithreach, agus do bhéuraidh fa deara a gcur chum báis.
22. Agus biaidh fúath ag gach uile dhuine dhíbh ar son manmasa: achd giodh bé fhuiléongas go dtí deireadh a sé so shlainéochthar.
23. Agus an tan ghéarleanfuid said sibh sa ccathruighsi, teithidh go cathruigh eile: oir go dearbhtha a deirimsi ribh, Nach géubhtháoi timcheall chaithreach Israel, suil thiocfas Mac an duine.
24. Ní bhfuil an deisgiobal ós cionn a mhaighisdir, ná an searbhfhóghantuighe ós cionn a thighearna.