Mhata 1:8-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Agus do ghein Asa Iósaphat; agus do ghein Iósaphat Ióram; agus do ghein Ióram Osías

9. Agus do ghein Osías Ióatam; agus do ghein Ióatam Achas; agus do ghein Achas Esechias

10. Agus do ghein Esechías Manasses; agus do ghein Manasses Amon; agus do ghein Amon Iosías;

11. Agus do ghein Iosías Iechonías agus a dhearbhráithre, ag bruid na Babilóine.

12. Agus tar éis bruide na Babilóne, do ghein Iechonias Salatiel; agus do ghein Salatiel Sorobabel

13. Agus do ghein Sorobabel Abiúd, agus do ghein Abiúd Eliachim; agus do ghein Eliáchim Asor;

14. Agus do ghei Asor Sádoc; agus do ghein Sádoc Achim; agus do ghein Achim Eliúd;

15. Agus do ghein Eliúd Eleasar; agus do ghein Eleasar Mátan; agus do ghein Mátan Iácob;

16. Agus do ghein Iácob Ióseph fear Mhuire, as ar geineadh Iósa, da ngoirthear Críosd.

17. Uime sin a nuile gheinealach ó Abraham go Dáibhi is ceithre gheinealach dég iad; agus ó Dháibhi go bruid na Babilóne ceithre glúine dég; agus ó bhruide na Babilóne go Chríosd ceithre glúine dég.

18. Agus is mar so do bhí geineamhuin Iosa Chríosd: Oir tar éis daingin do thabhairt eidir a mhathair Muire agus Ioséph, ní is táosga na thangadar a ngar dá cheile fríoth torrach í ón Spiorad Náomh.

19. Achd ar mbeith do Ióseph a fear, na dhuine comhthrum, agus nár bháill leis isiompláir do dhéanamh dhi, bá mían ris a cur úadh ós íseall

Mhata 1