43. Agus más ciontach do lámh ré hoilbheim dfagháil dhuit, gearr dhíot í: is fearr dhuit dul ar leathláimh don bheathaidh, ná dhá láimh do bheith agad agus dul go hifearnn, a dtéinidh nach éidir do mhúchadh.
44. A náit nach éugann a bpéisd, agus nách múchtar a dteine.
45. Agus más ciontach do chos ré hoilbheim dfagháil dhuit, gearr dhíot í: is fearr dhuit dul don bheathuidh mharthanuigh ar leathchois, ná dhá chois do bheith agad agus do theilgean do hifearnn, ann sa teinidh nách éidir do mhúchadh:
46. A náit nach éugann a bpéisd, agus nách múchtar a dteine.
47. Agus más ciontach do shúil ré hoilbhéim do thabhairt dhuit, teilg asad í: is fearr dhuit dul a sdeach go rioghachd Dé ar éunsúil, ná dhá shúil do bheith agad agus do theilgean go teinidh iféirn:
48. A náit nach éugann a bpéisd, agus nách múchtar a dteine.
49. Oír saillfithear gach áoin neach le teinidh: agus saillfithear gach áoin iodhbairt lé salann.
50. Is maith an salann: achd cheana má bhíonn an salann gan bhlas, Créd lé a ndéuntáoi deaghbhlasda é? Bíodh salann agaibh ionnaibh féin, agus bíodh síodhcháin aguibh ré chéile.