Marcus 9:41-45 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

41. Oír gidh bé neach do bhéura cupán uisge ré na ól dáoibhsi am ainmsi, tré gur ab lé Críosd sibh, a deirim ribh go fírinneach, nach léigfi sé a lúaidheachd a mugha.

42. Agus gidh bé bhéuras adhbhar oílbhéime dáóin neach do na dáóinibh beaga so chréideas ionnamsa, do bfearr dhó go mór go gcuirthí cloch mhuilinn fá na bhrághuid, agus go dteilgthí é ann sa bhfairrge.

43. Agus más ciontach do lámh ré hoilbheim dfagháil dhuit, gearr dhíot í: is fearr dhuit dul ar leathláimh don bheathaidh, ná dhá láimh do bheith agad agus dul go hifearnn, a dtéinidh nach éidir do mhúchadh.

44. A náit nach éugann a bpéisd, agus nách múchtar a dteine.

45. Agus más ciontach do chos ré hoilbheim dfagháil dhuit, gearr dhíot í: is fearr dhuit dul don bheathuidh mharthanuigh ar leathchois, ná dhá chois do bheith agad agus do theilgean do hifearnn, ann sa teinidh nách éidir do mhúchadh:

Marcus 9