31. Oír do theagaisg sé a dheisciobail féin, agus a dubhairt sé ríu, Do bhéurthar Mac an duine a lámhuibh na ndáoine, agus cuirfid chum báis é; agus tar éis a mharbhadh, éiréochuidh sé an treas lá.
32. Achd níor thuigeadar an comhrádhsa, agus do bhí eagla orrtha a fhíafruighe dheisean.
33. Agus táinic sé go Capernáum: agus air mbeith a dtigh dhó do fhíafruigh sé dhíobh, Créd do bhí aguibh dhá thagra eadruibh féin air a tslighe?
34. Achd do thochdadarsan: óir do bhádar ag tagra a naghaidh a chéile air a tslighe, Cía aca budh mhó.
35. Agus ar suidhe dhó, do ghoir sé an dá fhear dhéug chuige, agus a dubhairt sé ríu, Gidh bé neach lé nab mían bheith a dtosach, búdh é bhus déighionuigh do chách uile, agus bhus sierbhíseach dhóibh uile.
36. Agus ar mbreith ar leanabh dhó, do chuir sé ann a lár é: agus ar na ghabháil ann a uchd, a dubhairt sé ríu,
37. Gidh bé neach ghéubhus chuige áon dá leitheidibh so do leanbuibh am mainmsi, gabhuidh sé misi chuige: agus gidh bé neach ghéubhus misi chuige, ni misi ghabhus sé chuige, achd an té do chuir úadh mé.
38. Achd do fhreagair Eóin é, ag rádh, A Mhaighisdir, do chonncamair neach ag cur deamhan a mach ad ainmsi, neach leanann sinne: agus do chuireamar toirmeasg air, ar son nách leanann se sinn.
39. Agus a dubhairt Iósa, Ná toirmeasguidh é: óir ní bhfuil éinneach do dhéana míorbhuile tré mainmsi, agus fhéadus olc do rádh rium ar an mball.
40. Oír gidh bé neach nach bhfuile ar naghuidh a tá sé air ar son.