Marcus 9:29-34 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

29. Agus a dubhairt seisean ríu, Ní héidir an ghné dheamhan so dhul a mach lé ní ar bith, achd tré úrnuighthe agus tré throsgadh.

30. Agus ar nimtheachd dóibh as sin, do chúadar thríd an Ngalilé; agus níor bháil leis a fhios do bheith ag éinneach.

31. Oír do theagaisg sé a dheisciobail féin, agus a dubhairt sé ríu, Do bhéurthar Mac an duine a lámhuibh na ndáoine, agus cuirfid chum báis é; agus tar éis a mharbhadh, éiréochuidh sé an treas lá.

32. Achd níor thuigeadar an comhrádhsa, agus do bhí eagla orrtha a fhíafruighe dheisean.

33. Agus táinic sé go Capernáum: agus air mbeith a dtigh dhó do fhíafruigh sé dhíobh, Créd do bhí aguibh dhá thagra eadruibh féin air a tslighe?

34. Achd do thochdadarsan: óir do bhádar ag tagra a naghaidh a chéile air a tslighe, Cía aca budh mhó.

Marcus 9