28. Agus an tan do chúaidh sé a sdeach a dtigh, do fhíafruigheadar a dheisciobail de go seicréideach, Créd fá nár fhéadamairne an spiorad úd do theilgean a mach?
29. Agus a dubhairt seisean ríu, Ní héidir an ghné dheamhan so dhul a mach lé ní ar bith, achd tré úrnuighthe agus tré throsgadh.
30. Agus ar nimtheachd dóibh as sin, do chúadar thríd an Ngalilé; agus níor bháil leis a fhios do bheith ag éinneach.
31. Oír do theagaisg sé a dheisciobail féin, agus a dubhairt sé ríu, Do bhéurthar Mac an duine a lámhuibh na ndáoine, agus cuirfid chum báis é; agus tar éis a mharbhadh, éiréochuidh sé an treas lá.
32. Achd níor thuigeadar an comhrádhsa, agus do bhí eagla orrtha a fhíafruighe dheisean.
33. Agus táinic sé go Capernáum: agus air mbeith a dtigh dhó do fhíafruigh sé dhíobh, Créd do bhí aguibh dhá thagra eadruibh féin air a tslighe?
34. Achd do thochdadarsan: óir do bhádar ag tagra a naghaidh a chéile air a tslighe, Cía aca budh mhó.
35. Agus ar suidhe dhó, do ghoir sé an dá fhear dhéug chuige, agus a dubhairt sé ríu, Gidh bé neach lé nab mían bheith a dtosach, búdh é bhus déighionuigh do chách uile, agus bhus sierbhíseach dhóibh uile.
36. Agus ar mbreith ar leanabh dhó, do chuir sé ann a lár é: agus ar na ghabháil ann a uchd, a dubhairt sé ríu,