19. Agus ar bhfreagra dhósan, a dubhairt sé, A chíneadh gan chreideamh, gá fad bhias mé eadruibh? agus gá fad fós fhuiléongus mé sibh? tabhruidh chugamsa é.
20. Agus tugadar chuige é: agus an tan do chonnairc sé é, do tharraing an spiorad as a chéile é ar ball; agus ar dtuitim ar an dtalamh dhó, do bhí sé dhá únfairt ag cur chubhair as a bhéul.
21. Agus do fhiafruigh Iósa dhá athair, Gá fad daimsir ó thárla so dhó? Achd a dubhairt seision, O bhí sé na leanabh.
22. Agus is minic do theilg sé a dteinidh, agus a nuisge é, do chúm go millfeadh sé é: achd má a tá cumhachd ar bith agadsa, bíodh trúaighe agad dhúinn, agus fóir oruinn.
23. Achd a dubhairt Iósa ris, Más eidir leachd so do chreideamhuin, a tá gach én ní soidhéanta don té chreidios.
24. Agus ar néigheamh dathair na buachalla ar an mball, maille ré deóruibh a dubhairt sé, Creidim, a Thighearna; fóir mo mhíchreideamh.
25. Agus an tan do chonnairc Iósa an slúagh uile ag coimhrith chuige, do imdhearg sé an spiorad neamhghlan, ag rádh ris, A spiorad bhailbh agus bhodhair, aithnimsi dhíot, imthigh a mach as, agus na héirigh a sdeach ann ní so mhó.
26. Agus ar néigheamh dhó, agus ar na tharrang as a chéile go ro úathbhásach, do chúaidh sé a mach as: agus do bhí sé a riochd mhairbh; ionnas go ndubhradar mórán, Go bhfúair sé bás.
27. Achd ar mbreith Díosa ar a láimh, do thógaibh sé súas é; agus déirigh seision.