Marcus 8:5-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Agus do fhíafruigh seisean díobh, Ga mhéud arán a tá agaibh? Agus a dubhradarsan, A seachd.

6. Agus do aíthin seision don tslúagh suidhe síos ar an dtalamh: agus ar nglacadh na seachd narán dó, tar éis bhuidheachuis do thabhairt, do bhris sé, agus tug sé dá dheisciobluibh íad do chum a gcur ann a bhfíadhnuisi; agus do chuireadarsan a bhfíadhnuisi an tslúaigh íad.

7. Agus do bhádar beagán díasgaibh beaga aca: agus an tan tug sé buidheachus, a dubhairt sé íad sin fós do chur na bhfíadhnuisi.

8. Agus do itheadar, agus do sásadh íad: agus do thógbhadar seachd gcléibh do bhiadh bhrisde do bhí dfuighleach aca.

9. Agus do bhí an luchd do chaith an biadh a dtimcheall cheithre míle: agus do léig sé úadh íad.

10. Agus ar an mball ar ndul a luing dhó maille ré na dheisciobluibh, táinic sé go rann Dalmanúta:

11. Agus tangadar na Phairisínigh a mach, agus do thionnsgnadar connspóid do chur air, ag íarruigh comhartha ó neamh air, dha theasdughadh.

Marcus 8