Marcus 8:1-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Ann sna láethibh sin ar gcruinniughadh do phobal romhór, agus gan ní aca do íosaidis, ar ngairm a dheisciobal Díosa chuige, a dubhairt sé ríu,

2. A tá trúaighe romhór agam don phobal: do bhrígh gur fhanadar a nois trí lá am fhochair, agus nach bhfuil ni ar bith ré a ithe aca.

3. Agus dá léige mé na dtrosgadh dá dtighibh féin íad, rachaid síad a nanbhfainne ar slighe: óir tháinic cuid aca a bhfad.

4. Agus do fhreagradar a dheisciobuil é, Ga háit as a bhféadfadh duine íad so do shásadh lé harán ann so ar an bhfásach?

5. Agus do fhíafruigh seisean díobh, Ga mhéud arán a tá agaibh? Agus a dubhradarsan, A seachd.

6. Agus do aíthin seision don tslúagh suidhe síos ar an dtalamh: agus ar nglacadh na seachd narán dó, tar éis bhuidheachuis do thabhairt, do bhris sé, agus tug sé dá dheisciobluibh íad do chum a gcur ann a bhfíadhnuisi; agus do chuireadarsan a bhfíadhnuisi an tslúaigh íad.

7. Agus do bhádar beagán díasgaibh beaga aca: agus an tan tug sé buidheachus, a dubhairt sé íad sin fós do chur na bhfíadhnuisi.

8. Agus do itheadar, agus do sásadh íad: agus do thógbhadar seachd gcléibh do bhiadh bhrisde do bhí dfuighleach aca.

9. Agus do bhí an luchd do chaith an biadh a dtimcheall cheithre míle: agus do léig sé úadh íad.

10. Agus ar an mball ar ndul a luing dhó maille ré na dheisciobluibh, táinic sé go rann Dalmanúta:

11. Agus tangadar na Phairisínigh a mach, agus do thionnsgnadar connspóid do chur air, ag íarruigh comhartha ó neamh air, dha theasdughadh.

12. Agus ar ndéunamh osna dhósan an a spioraid, a dubhairt sé, Créd fá níarrann an cineadh so comhartha? a deirim ríbh go fírinneach, Nach dtiobharthar comhartha don chineadh so.

13. Agus ar na bhfagbháil dó, ar ndul a luing a rís do chúaidh sé don táoibh eile.

14. Agus do dhearnadar na deisciobuil arán do bhreith leó, agus ní raibh aca achd áon arán amháin ann sa luing.

15. Agus do aithin sé dhíobh, ag rádh, Féuchaidh, coimheadaigh sibh ó laibhín na Bhphairisíneach, agus ó laibhin Iorúaith.

16. Agus do thagradarsan eatorra féin, ag rádh, Is tré nach bhfuilid aráin aguinn a tá sé.

Marcus 8