Marcus 6:25-30 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

25. Agus táinic sisi ar an mball a sdeach chum a ríogh maille ré deithbhír, agus do íarr sí, ag rádh, Is sí mo thoil thú do thabhairt chinn Eóin Baisde dhamh a nois ar mhéis.

26. Agus do bhí an rí lán do dhoilgheas; achd ar son a mhionn, agus na druinge do bhí na suidhe na fhochair, níor bháill leis isi do dhiultadh.

27. Agus ar gcur fir dicheanta a mach don rígh do láthair, do aithin sé a cheannsan do thabhairt a sdeach: agus do imthigh seisean, agus do dhícheann sé é ann sa phríosún,

28. Agus tug se a cheann leis ar mhéis, agus tug sé don chailin é: agus tug an cailín é dá máthair.

29. Agus an tan do chúaladar a dheisciobuilsion so, tangadar, agus do thógbhadar a chorp, agus do chuireadar a dtuama é.

30. Agus do chruinnigheadar na heasbuil chum Iósa, agus do fhoillsigheadar dhó na huile ní, agus gach ní dá ndearnadar, agus gach ní dar mhúineadar.

Marcus 6