31. Is cosmhail é re gráinne musdaird, noch, an tan churthar ann sa talamh, is é is lugha don uile shíol dá bhfuil ar talamh:
32. Achd tar éis a chora, fásaidh sé súas, agus is mó é ná éunluibh do na luibheannuibh, agus fásaid géuga móra air; ionnus go bhféadfaidis éunlaith an aiéir nid do dheanamh ar á sgáth.
33. Agus do labhair sé an bhríathar ríu a mórán dá leithéidibh sin do chosmhalachdaibh, do réir mar do béidir léo a chloisdin.
34. Agus níor labhair sé ríu achd a gcosmhalachdaibh: achd cheana do mhínidh sé gach uile ní dá dheisciobluibh féin ar leith.
35. Agus a dubhairt sé an lá sin ríu, ar mbeith deighionach dhó, Déunum don táobh a nunn.
36. Agus ar bhfágbháil an choimhthionóil, rugadar eisean mar do bhí sé ann sá luing. Agus do bhádar fós longa beaga eile na fhochair.
37. Agus do éirigh sdoirm mhór gháoithe ann, agus do lingeadar na tonna ann sa luing, ionnas go raibh sí a nois ar na líonadh.
38. Agus do bhí seisean ar dheireadh an dtileadh, na chodládh ar chearcháill: agus dúisighid síad é, agus a deirid ris, A Mhaighisdir, nach misde leachd go bhfuilmid a dul a múgha?
39. Agus ar néirghe dhósan, tug sé achmhnsan don gháóith, agus a dubhairt sé ris an bhfairge, Coisg, bí balbh. Ann sin do chíuinaigh an gháoth, agus do bhí súaimhneas mór ann.
40. A dubhairt sé ríu, Créd fá bhfuiltí coimheaglach as sin? créd fá nach bhfuil creideamh aguibh?
41. Agus do ghabh eagla mhór íadsan, agus a dubhradar ré cheile, Cía hé an fear so, agá ndéanann an gháóth féin, agus an fhairrge fós úmhlachd dó?