Marcus 4:1-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus do thionnsgain sé teagasg do dhéanamh láimh ris an bhfairge: agus do chruinnigh slúagh mór chuige, ionnas go ndeachuidh sé a sdeach a luing, agus gur shuidh sé ar an bhfhairge; agus do bhí an slúagh uile ar tír a naice na fairge.

2. Agus do theaguisg sé mórán dóibh a gcosamhlachduibh, agus a dubhairt sé ríu an a theagasg,

3. Eisdigh; Tabhruigh dá bhur naire, do chúaidh an síoladóir amach do chur shíl:

4. Agus tárla ag cur an tsíl dó, gur thuit cuid de chois na slighe, agus tangadar éanlaith an aiéir, agus ditheadar é.

5. Agus do thuit cuid eile dhe a náit clochaidh, mar nach raibh doimhne thalmhan aige; agus ar ball dfás súas, do bhrígh nach raibh morán úir aige:

6. Agus ar néirghe don ghréin do dóigheadh é le teasbhach; agus do bhrígh nach raibh fréumh aige do shearg sé.

7. Agus do thuit cuid eile dhe eidir mhuineach, agus deirgheadar an muineach súas, agus do thachdadar é, agus ní thug sé toradh úadh.

8. Agus do thuit cuid eile dhe a dtalamh mhaith, agus tug sé toradh úadh déirigh súas agus dfás; agus tug dhe, cuid a deich fichead, agus cuid trí fichid, agus cuid eile céud:

9. Agus a dubhairt sé riu, Gídh bé agá bhfuilid clúasa chum éisdeachda, éisdeadh sé.

10. Agus an tan do bhí sé na áonar, do fhíafruigheadar an mhuinntir do bhi na fhochair maille ris an dá fhear dhéug an chosamhlachd dhe.

11. Agus a dubhairt sé ríu, Is dáoibhsi a tugadh éolus ar sheicréid ríoghachda Dé: achd ris an dréim atá leith a muigh, deirthear gach éinní a ccosamhlachduibh.

12. Ionnas ag féachaín dóibh go bhfaicfidis, agus nach tiubhraidís dá naire; agus ag cloisdin dóibh go gcluinfidis, agus nach dtiucfidis; deagla go bhfillfidis uáir ar bith, agus go maithfighe a bpheacuigh dhóibh.

13. A dubhairt sé ríu, An bhfuil ainbhfios na cosamhlachda so oruibh? Agus, cionnas thuigfídhe a nuile chosamhlachd?

14. An sioladoir úd, is í an bríathar shíolchuireas sé.

15. Agus is íad so an drong a tá láimh ris a tslighe, ann a gcuirthear an bhríathar; agus tar éis a cloisdean, tig Sátan ar an mball, agus tógbhuidh sé úatha an bríathar do sióladh an a gcroidhthibh.

16. Agus mar an gcéudna is íad so an dream an ar cuireadh, an síol, a bhfearann chlochach; nocha, éisdeas an bhriathar, agus ghabhus chuca í do láthair maille ré gáirdeachus;

17. Agus ní bhfuil fréumh aca ionnta féin, achd fanuid ar feadh tamuill: agus na dhiáigh sin, an tan éirgheas trioblóid agus buáidhirt tríd an mbréithir, ar an mball do gheibhid síad oilbhéim.

18. Agus is íad so an dream ghabhus an síol chuca an sa muineach; nocha éisdeas ris an mbreithir,

19. Achd téid rochúram an tsáoghail so, agus mealltóireachd an tsaidhbhris, agus míanghus na neitheadh eile a steach, agus tachduid an bhríathar, agus bhí sé neamhthorach.

20. Agus is íad so an dream an ar cuireadh an síol ann sa talamh maith, nocha éisdeas, agus ghabhus chuca an bhríathar, agus do bheir toradh úatha, áon a deich fichead, áon trí fichid, agus áon eile céud.

Marcus 4