Marcus 3:7-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Achd do chúaidh Iósa maille ré na dheisclobluibh do leath táoibh chum na fairge: agus do lean slúagh mor on Ghalilé, agus ó thír Iúdaighe é.

8. Agus ó Ierusaléím, agus ó Iduméa, agus ón táobh thall do Iórdán; agus an dream do aitreabh timcheall Tírus agus Sidon, an tan do chúaladar méud na neitheadh do rinne se, tangadar chuige buidhan mhór.

9. Agus a dubhairt seisean ré na dheisciobluibh, long bheag do bheith do ghnáth ag feitheamh air ón tslúagh, ionnus nach brúidhfidís é.

10. Oír do shlánuigh sé mórán; ionnus gur lingeadar air an mhéid ar a rabhadar easláinteadha, do chum go gcuiméolaidís ris.

11. Agus an tan do chidís na spioraidighe neamhghlana é, do shléachdaidís do, agus do éighmhidís, ag rádh, Is tusa Mac Dé.

Marcus 3