Marcus 3:5-24 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Agus ar bhfeachain go feargach orrthasan na thímcheall, ar ngabháil dóilghis chuige ar son chrúais a gcróidheadhsan, a dubhairt sé ris an duine, Sín a mach do lámh. Agus do shín: agus do haiseagadh a lámh slán mar an láimh eile.

6. Agus ar ndul a mach do na Phairisíneachuibh, do rinneadar comhairle ar an mball le muinntir Iorúaith na aghaidhsion, cionnas do mhíllfhidís é.

7. Achd do chúaidh Iósa maille ré na dheisclobluibh do leath táoibh chum na fairge: agus do lean slúagh mor on Ghalilé, agus ó thír Iúdaighe é.

8. Agus ó Ierusaléím, agus ó Iduméa, agus ón táobh thall do Iórdán; agus an dream do aitreabh timcheall Tírus agus Sidon, an tan do chúaladar méud na neitheadh do rinne se, tangadar chuige buidhan mhór.

9. Agus a dubhairt seisean ré na dheisciobluibh, long bheag do bheith do ghnáth ag feitheamh air ón tslúagh, ionnus nach brúidhfidís é.

10. Oír do shlánuigh sé mórán; ionnus gur lingeadar air an mhéid ar a rabhadar easláinteadha, do chum go gcuiméolaidís ris.

11. Agus an tan do chidís na spioraidighe neamhghlana é, do shléachdaidís do, agus do éighmhidís, ag rádh, Is tusa Mac Dé.

12. Achd do bhagair séisean go mór orrtha, do chum nach bhfoilseochaidís é.

13. Agus do chúaidh sé súas an tansin ar shliábh, agus do ghoir sé chuige an dream do budh toil leis: agus tangadar chuige.

14. Agus do órduigh sé dhá fhear dhéug do bheith na fhochair, do chum go cuirfeadh sé do dhéunamh seanmóra íad,

15. Agus go mbíadh aca cumhachda easláinteadh do léigheas, agus deamhain do theilgean amach:

16. Agus air Shiómon tug sé Peadar mar ainm;

17. Agus Séumas mac Sebede, agus Eóin dearbhrathair Shéumuis; (agus tug sé Boanérges danmanuibh orrtha, is ionann sin ré rádh, agus Clann na tóirrníghe:)

18. Agus Aindriás, agus Philip, agus Bartoloméus, agus Matha, agus Tomás, agus Séumas mac Alphéi, agus Tadéus, agus Siómón an Canániteach,

19. Agus Iúdas Iscáriot, an tí do bhraith é, agus tangadar don tigh.

20. Agus do chruinnigheadar an tslúagh a rís, ionnus nar bhéidir léo fíu an bhídh do chaitheamh.

21. Agus an tan do chúaladar a cháirde so, tangadar a mach do bhreith air: óir a dubhradar, Go raibh sé ar míchéill.

22. Agus a dubhradar na sgríobuidhe tháinic a núas ó Iérusaléim, Go raibh Beelsébub ann, agus gur ab tré phrionnsa na ndeamhan do chuireadh sé na deamhain ámach.

23. Agus do ghoir sé chuige íad, agus a dubhairt sé a gcosamhlachduibh ríu, Cionnas is éidir lé Sátan Sátan do theilgean amach?

24. Agus ma bhíonn ríoghachd roinnte na haghaidh féin, ní héidir leis a ríoghachd sin seasamh.

Marcus 3