Marcus 3:26-35 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

26. Agus má éirgheann Sátan na aghaidh féin, agus go mbía sé roinnte, ni héidir leis seasamh, achd atá deireadh aige.

27. Ní héidir le neach ar bith dul a sdeach go tigh duine láidir, agus a airnéis tighe dhfúadach leis, muna ccuibhrighe sé ar tús an duine láidir úd; agus ann sin sladfuidh sé a thigh.

28. A deirim ribh go fírinneach, Go maithfithear na huile pheacadh do chlannuibh na ndáoine, agus gach blaisphéime dá laibhéoruid:

29. Achd gidh bé déaras blaispheíme a naghaidh an Spioraid Náoimh, ní fhághann sé maithfeachus choidhche, achd atá sé cionntach ón bhreitheamhnus shiorruighe:

30. Oír a dubhradar, Is spiórad neamhghlan atá aige.

31. Uime sin tangadar a dhearbhráithre agus a mhaithar, agus, ar seasamh a muigh dhóibh, do chuireadar fios chuigesion dá ghairin.

32. Agus do shuidh an slúagh na thimcheall, agus a dubhradar ris, Féuch, atá do mhathair agus do dhearbhráithre a muich ad iárruidh.

33. Agus ar bhfregra dhóibh, a dubhairt sé, Cia hí mo mhathair, nó mo dhearbhraithre?

34. Agus ar bhféachain ar an muinntir do bhí na suidhe na thimcheall, a deir sé, Féuch mo mhathairsi agus mo dhearbhraithre!

35. Oir gidh bé neach do dhéana toil Dé, is é so mo dhearbhráthair, agus mo dheirbhshiúr, agus mo mhathair.

Marcus 3