Marcus 3:22-26 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

22. Agus a dubhradar na sgríobuidhe tháinic a núas ó Iérusaléim, Go raibh Beelsébub ann, agus gur ab tré phrionnsa na ndeamhan do chuireadh sé na deamhain ámach.

23. Agus do ghoir sé chuige íad, agus a dubhairt sé a gcosamhlachduibh ríu, Cionnas is éidir lé Sátan Sátan do theilgean amach?

24. Agus ma bhíonn ríoghachd roinnte na haghaidh féin, ní héidir leis a ríoghachd sin seasamh.

25. Agus ma bhíonn tigh rionnte na aghaidh féin, ní héidir leis a tigh sin seasamh.

26. Agus má éirgheann Sátan na aghaidh féin, agus go mbía sé roinnte, ni héidir leis seasamh, achd atá deireadh aige.

Marcus 3