Marcus 3:15-34 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

15. Agus go mbíadh aca cumhachda easláinteadh do léigheas, agus deamhain do theilgean amach:

16. Agus air Shiómon tug sé Peadar mar ainm;

17. Agus Séumas mac Sebede, agus Eóin dearbhrathair Shéumuis; (agus tug sé Boanérges danmanuibh orrtha, is ionann sin ré rádh, agus Clann na tóirrníghe:)

18. Agus Aindriás, agus Philip, agus Bartoloméus, agus Matha, agus Tomás, agus Séumas mac Alphéi, agus Tadéus, agus Siómón an Canániteach,

19. Agus Iúdas Iscáriot, an tí do bhraith é, agus tangadar don tigh.

20. Agus do chruinnigheadar an tslúagh a rís, ionnus nar bhéidir léo fíu an bhídh do chaitheamh.

21. Agus an tan do chúaladar a cháirde so, tangadar a mach do bhreith air: óir a dubhradar, Go raibh sé ar míchéill.

22. Agus a dubhradar na sgríobuidhe tháinic a núas ó Iérusaléim, Go raibh Beelsébub ann, agus gur ab tré phrionnsa na ndeamhan do chuireadh sé na deamhain ámach.

23. Agus do ghoir sé chuige íad, agus a dubhairt sé a gcosamhlachduibh ríu, Cionnas is éidir lé Sátan Sátan do theilgean amach?

24. Agus ma bhíonn ríoghachd roinnte na haghaidh féin, ní héidir leis a ríoghachd sin seasamh.

25. Agus ma bhíonn tigh rionnte na aghaidh féin, ní héidir leis a tigh sin seasamh.

26. Agus má éirgheann Sátan na aghaidh féin, agus go mbía sé roinnte, ni héidir leis seasamh, achd atá deireadh aige.

27. Ní héidir le neach ar bith dul a sdeach go tigh duine láidir, agus a airnéis tighe dhfúadach leis, muna ccuibhrighe sé ar tús an duine láidir úd; agus ann sin sladfuidh sé a thigh.

28. A deirim ribh go fírinneach, Go maithfithear na huile pheacadh do chlannuibh na ndáoine, agus gach blaisphéime dá laibhéoruid:

29. Achd gidh bé déaras blaispheíme a naghaidh an Spioraid Náoimh, ní fhághann sé maithfeachus choidhche, achd atá sé cionntach ón bhreitheamhnus shiorruighe:

30. Oír a dubhradar, Is spiórad neamhghlan atá aige.

31. Uime sin tangadar a dhearbhráithre agus a mhaithar, agus, ar seasamh a muigh dhóibh, do chuireadar fios chuigesion dá ghairin.

32. Agus do shuidh an slúagh na thimcheall, agus a dubhradar ris, Féuch, atá do mhathair agus do dhearbhráithre a muich ad iárruidh.

33. Agus ar bhfregra dhóibh, a dubhairt sé, Cia hí mo mhathair, nó mo dhearbhraithre?

34. Agus ar bhféachain ar an muinntir do bhí na suidhe na thimcheall, a deir sé, Féuch mo mhathairsi agus mo dhearbhraithre!

Marcus 3