Marcus 2:21-28 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

21. Agus ní fhúaigheann neach ar bith preabán déudach núa lé seinéudach: nó beanuidh an prebán núa úd cuid don tseineudach, agus is móide an briseadh.

22. Agus ní chuireann neach ar bith fíon núa a seanbhuidéuluibh: nó brisidh an fíon núa na buidéil, agus dóirteár an fíon, agus téid na buidéil a mugha: achd is a mbuidéuluibh núadha is cóir fion núa do chur.

23. Agus tárla, ag gabháil tré ghortuibh dhó isin tsábboid; gur thionnsgnadar a dheisciobail, ag soibhal na slígheadh déusa do bhúain.

24. Agus a dubhradar na Phairisinigh ris, Féuch, créd fá ndéanuidh síad sa tsabboid an ní nach ceaduightheach?

25. Agus a dubhairt seisean ríu, An né nar léaghabhair a ríamh créud do rinne Dáibhi, an tan do bhí ríachdanus air, agus do bhí ocrus air, é féin, agus ar an mhúinntir do bhí maille ris?

26. Cionnas do chúaidh se a sdeach a dtigh Dé an tan do bhí Abiathar na árdshagart, agus do ith sé arán na fíadhnuisi, nach ar cheaduigheach dithe achd do na sagartuibh, agus fós tug sé é don dréim do bhí maille ris?

27. Agus a dubhairt sé ríu, Is ar son an duine do hórduigheadh an tsabbóid, agus ní ar son na sabbóide an duine.

28. Ar an adhbharsin is Tighearna Mac an duine ar an tsabboid féin.

Marcus 2