13. Agus do chúaidh sé a mach a rís chum na fairge; agus táinic an slúagh uile chuige, agus do theaguisg sé íad.
14. Agus ag gabháíl tháiris dó, do chonnairc sé Lébhi mac Alphéi na shuidhe ag bórd an chusduim, agus a dubhairt sé ris, Lean misi. Agus ar néirghe dhosan do lean sé é.
15. Agus tarla, an tan do shuigh Iósa chum bídh an a thigh súd, gur shuigheadar mórán puiblicán agus peacach fós ma ráon ré Hiósa agus ré na dheisciobluibh: óir do bhádar móran, agus do leanadar é.
16. Agus an tan do chonncadar na gríobuidhe, agus na Phairisínigh eision ag caitheamh bídh a bhfochair na bpubliocá agus na bpeacach, a dubhradar ré na dheisciobluibh, Créd fá nítheann agus fá nibheann sé a bhfochair na bpubliocán agus na bpeacach?
17. Agus an tan do chúaluidh Iósa so, a dubhairt sé ríu, Ni bhfuil ríachdanus ag na dáoinibh slána ré liaigh, achd ag na dáoinibh easlán. Ní tháinic misi do ghairm na bhfiréunach, achd na bpeacach chum aithríghe.
18. Agus do throisgeadar deisciobail Eóin agus na Bhphairisíneach: agus tígid agus a deirid risean, Créd fá dtroisgid deisciobail Eóin agus na Bhphairisíneach, agus nach déunid do dheisciobailsi trosgadh?
19. A dubhairt Iósa ríu, A nféidir lé clóinn séomra an fhir núaphósda, an fad bhías an fear núaphósda na bhfochair trosgadh do dhéanamh? an fad a tá an fear núaphósda aca na bhfochair, ní fhéidir leo trosgadh do dheanamh.
20. Achd tiocfuidh na laéthe, an a mbéurthar úatha an fear núaphósda, agus ann sin do dhéanuid trosgadh ann sna laéthibh sin.
21. Agus ní fhúaigheann neach ar bith preabán déudach núa lé seinéudach: nó beanuidh an prebán núa úd cuid don tseineudach, agus is móide an briseadh.
22. Agus ní chuireann neach ar bith fíon núa a seanbhuidéuluibh: nó brisidh an fíon núa na buidéil, agus dóirteár an fíon, agus téid na buidéil a mugha: achd is a mbuidéuluibh núadha is cóir fion núa do chur.
23. Agus tárla, ag gabháil tré ghortuibh dhó isin tsábboid; gur thionnsgnadar a dheisciobail, ag soibhal na slígheadh déusa do bhúain.
24. Agus a dubhradar na Phairisinigh ris, Féuch, créd fá ndéanuidh síad sa tsabboid an ní nach ceaduightheach?
25. Agus a dubhairt seisean ríu, An né nar léaghabhair a ríamh créud do rinne Dáibhi, an tan do bhí ríachdanus air, agus do bhí ocrus air, é féin, agus ar an mhúinntir do bhí maille ris?