11. Agus an tan do chúaladarsan, eisean do bheith béo, agus go bhfacuidh sis é, nir chreideadar.
12. Achd tar éis so, do thaisbén seisean é féin do dhías aca, a gcruth eile mar shíubháileadar, agus íad ag dul fan dtudháith.
13. Agus do imthigh siadsan, agus do fhoillsigheadar sin do chuid eile: gidheadh níor chreideadar íadsan fós.
14. Fa dheiridh ar mbeith ar áonbhall do naóinfhear dhég do thaisbéan sé é féin dóibh, agus do chuir sé na aghaidh a míchreideamh agus a gcrúas croidhe, tré nár chreídeadar don druing do chonnairc é ar neiséirghe.
15. Agus a dubhairt sé ríu, Imthighidh ar feadh an domhain uile, déanuidh an soisgéul do sheanmóir do gach uile chreatúir.
16. Gidh bé chreidfeas agus bhaisdfithear slainéochthar é; achd gidh bé nach ccreidfi daiméontar é.
17. Agus leanfuid na comharthuighesi an dream de chreidfeas; Sgriosfuid síad deamhuin tré mainmsi; laibhéoruid lé teangthuibh núadha;
18. Toigéubhaid naithreacha neimhe; agus má ibhid ni marbhthach ar bith, ni ghoirtéocha sé íad; cuirfid lámha ar na daónibh éagcruaidhe, agus béid síad slán.
19. Agus tar éis an Tighearna do labhairt ríu, do gabhadh súas ar neamh a rís é, agus do shuidh sé ar deis láimh Dé.
20. Agus ar ndul a mach dhóibhsean do rinneadar seanmóir ann gach uile áit, ar mbeith don Tighearna ag comhoibriughadh ríu, agus ag tabhairt brígh dá mbríathruibh leis na comhathaidhibh do lean íad. Amén.