Marcus 15:35-42 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

35. Agus a dubhradar cuid dá raibh na seasamh a lathair, an tan do chúaladar sin, Féuch, a tá sé gairm Elías.

36. Agus do rioth fear dhíobh agus ar líonadh sboinc dfinegre dhó, agus ar na chur a dtimcheall giolcuigh, tug sé deoch dhó, ag rádh, Leigidh dhó; féacham an dtiocfa Elias dá leagadh a núas.

37. Agus ag éighmhe Díosa do ghúth mhór, do chúaidh a spiorad as.

38. Agus do réubadh brat rointe an teampuill na dhá chuid ó úachdar go híochdár.

39. Agus an tan do chonnairc an senturion, do bhí na sheasamh as a chochair, go ndeachuidh a anam as ag éighmhe mar sin, a dubhairt sé, Go fírinneach do bé an duine so Mac Dé.

40. Agus do bhádar mar an gcéudna mná a bhfad úadh ag féachain: eidir a raibh Muire Mhagdalén, agus Muire mathair Shéumuis bhig agus Ióses, agus Salómé;

41. Noch do lean é, an tan do bhi sé fós sa Ghalile, agus do bhí ag miniosdrálachd dó; agus mórán do mhnáibh eile do chúaidh a néinfheachd ris súas go Híarusaléim.

42. Agus a nois ar dteachd don tráth nóná, (do bhrigh gur bhé lá an ullmhuighthe é, eadhón, an lá roimh an tsabbóid,)

Marcus 15