2. Agus do fhiafruidh Pioláid dheisean, An tusa rí na Níuduigheadh? Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ris, A deir tusa sin.
3. Agus do chuireadar úachdaráin na sagart mórán na aghaidh: achd níor fhreagair seisean éinní.
4. Agus do fhíafruidh Píoláid dhe a rís, ag rádh, An né nach dtugann tú freagra éigin úait? féuch gá mheid ann a ndéunaid so fíadhnuisi ad aghaidh.
5. Agus níor fhreagair Iósa ní ar bith ó sin a mach; ionnas gur ghabh iongantus Píoláid.
6. Agus ann sa tsolamain do sgáoileadh sé dhóibh én phríosínach a mhaín, gidh bé air bith a díarradáois.
7. Agus do bhí neach áirighe dar bhainm Barabbas, ceangailte a bhfochair a chompánach ceannairce, noch do rinne marbhadh a gceannairc.
8. Agus ag éighmhe don phobal do thionnsgnadar íarruidh air do réir mar do bíodh sé dhóibh a gcomhnuidhe.
9. Do fhreagair Pioláid dhóibh, ag rádh, A náill libh go sgáoilinn dáoibh Rí na Niúduigheadh?
10. (Oír do bhí a fhios aige gur ab tré thnúth do thoirbhir úachdaráin na sagart é.)
11. Agus do ghlúaisiodar uachdaráin na sagárt an pobal, do chum go madh táosga sgáoilfeadh sé Barabbás chuca.