19. Agus do bhúaileadar é an a cheann lé giolcach, agus do ghabhadar do sheilidhibh air, agus ar léigean a nglún fútha, do rinneadar úmhla dhó.
20. Agus an tan do rinneadar fonámhad fáoi, do bheanadar an téadach purpaír dhe, agus do chuireadar a éaduighe féin uime, agus tugadar a mach é do chum go grochaidís é.
21. Agus dó chuireadar dfíachuibh ar oglach áirighthe do bhí ag gabháil thárrsa, dar bháinm Simón Siréanach, (athair Alecsander agus Ruphus,) tháinic ón túaith a muich, a chroich diomchar.
22. Agus rugadar léo é do nionad dar ab ainm Golgota, is sé sin, re na éidirmhíniúghadh, Ionad na cloigne.
23. Agus tugadar fíon air ar cuireadh mirr ré na ól dhó: achd níor ghabh seisean é.
24. Agus an tan do chrochadar é, do roinneadar a éaduighe, air dteilgean crannchuir orrtha, créd do thóigfeadh gach neach dhíobh.
25. Agus do bhí an treas úair ann, agus do chrochadar é.
26. Agus do bhí tiodal a chóire air na sgríobhadh ós a chionn, RI NA NIUDUIGHEADH.
27. Agus do chrochadar días gaduidheadh na fhochair; fear ar a láimh dheis, agus fear ar a láimh chlí.
28. Ann sin do coimhlíonadh an sgríobtuir a deir, Agus a measg dháoine cóirtheach do comháireadh é.
29. Agus an dream do ghabhadh thairis, do bhéirdis aithis dó, ag crathadh a gceann, agus ag rádh, O, thusa leagas an teampoll, agus thógbhas é a dtrí laéthibh,
30. Fóir ort féin, agus tárr a núas as an gcroich.