Marcus 14:54-60 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

54. Agus do lean Peadar a bhfad úadh é, nó go raibh sé a sdigh a halla a nárdshagairt: agus do bhí sé na shuidhe a bhfochair na searbhfhoghantuidheadh, agus dá ghoradh ag an teinidh.

55. Agus do bhádar úachdaráin na sagart agus an chomhairle uile ag íarraidh fíadhnuisi a naghaidh Iósa ionnas go gcuirfidís chum báis é; agus ní fhúaradar.

56. Oír do rinneadar mórán dáoine fiadhnuisi bhréige na aghaidh, achd ní thangadar a bhfíadhnuisidhe le chéile.

57. Agus déirgheadar dáoine áirighe, agus do rinneadar fíadhnuisi bhréige na aghaidh, ag rádh,

58. Do chúalamairne é ag rádh, Brisfidh mé sios an teampoll so déunta lé láimhaibh, agus a dtrí lá tóigeabhaidh mé teampoll éile gan obair lámh.

59. Achd mar sin féin ní raibh a bhfíadhnuisi ag teachd lé chéile.

60. Agus ar néirghe na sheasamh a lár cháich don ardhshagart, do chuir sé ceisd ar Iósa, ag rádh, An né nach dtabhair tú freagra ar bith úait? Créd fá ndéunaid so fíadhnuisi ad aghaidh?

Marcus 14