16. Agus do imthigheadar a dheisciobail, agus tangadar don chathraigh, agus fúaradar mar a dubhairt seision riú: agus do ullmhuigheadar an cháisg.
17. Agus ar dteachd don tráthnóna tháinic seision maille ris an dá fhear dhéug.
18. Agus an tan do shuidheadar agus do chaitheadar bíadh, a dubhairt Iósa, A deirim ribh go fírinneach, Go mbraithfi fear dhíbh misi noch a tá ag ithe bídh am fhochair.
19. Agus do thionnsgnadarsan bheith go dubhach, agus ag rádh ris a ndíaigh a chéíle, An misi é? agus fear eile, An misi é?
20. Agus ar bhfregra dhósan a dubhairt sé riú, Is fear don dá fhear dhéug é, thumas maráon riumsa sa meis.
21. A tá Mac an duine ag imtheachd go firinneach, mar a tásgríobhtha air: achd is anáoibhinn don fhear úd lé a mbraiththear Mac an duine! do bfearr do nfearsin nách beirthí e ríamh.
22. Agus ar mbeith ag caotheamh bídh dhóibhsean, do ghlac Iósa arán, agus tar eis a bheannaighthe, do bhris sé, agus tug sé dhóibhsean é, agus a dubhairt sé, Glacaidh, ithidh: is sé so mo chorpsa.
23. Agus ar nglacadh an chupáin dó, an tan rug sé buidheachus, tug sé dhóibhsin é: agus do ibheadar uile as.
24. Agus a dubhairt sé ríu, Ag so mfuilsi na tiomna núaidhe, dhóirtear air sin mhóráin.
25. A deirim ribh go fírinneach, Nach iobha mé feasda do thoradh na fíneamhna, go nuige an lá úd an a niobha mé núa é a rioghachd Dé.