Marcus 12:33-36 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

33. Agus a ghrádhughadh as a gcroidhe uile, agus as a tuigsin uile, agus as a nanum uile, agus as a mbrígh uile, agus an chomharsa do ghrádhughadh mar é féin, is mó sin ná na huile íodhbartha agus ofráil.

34. Agus an tan do chonnairc Iósa gur thuigseach do fhreagair sé, a dubhairt sé ris, Ní fada ó fhlaitheas Dé atá tú. Agus níor lamh éinneach ó sin súas ceisd do chur air.

35. Agus ar bhfreagrá Díosa a dubhairt sé, ag teagasg ann sa teampoll, Cionnas a deirid na sgríobuidhe gur ab é Criosd mac Dháibhi?

36. Oír a dubhairt Dáibhi féin tríd an Spíorad Náomh, A dubhairt an TIGHEARNA rém Thighearnasa, Suidh ar mo láimh dheis, no go gcuire mé do námhaid na sdól fád chosuibh.

Marcus 12