Marcus 11:21-33 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

21. Agus ar gcuimhniughadh do Pheadar a dubhairt sé ris, A Mhaighisdir, féuch, an crann fíge úd do mhalluigh tú a tá sé ar gcríonadh.

22. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé riú, Bíodh creideamh Dé aguibh.

23. Oír go fírinneach a deirimsi ribh, Gidh bé neach a déura ris an tslíabh so, Togthar thú, agus teilgthear ann sa bhfairrge thú; agus nách bía cunntabháirt aige an a chroidhe, achd go gcreide sé go dtiucfaid na neithe a deir sé chum críche; teigéumhaidh dhó gach ní a déura sé.

24. Ar a nadhbharsin a deirim ribh, Gidh bé ní íarrtháoi, an tan do níthí úrnuighthe, creididh go bhfuighthí, agus do ghéubhtháoi é.

25. Agus an tan bhéithí bhur seasamh ag déanamh úrnuighthe, maithidh, má tá ní ar bith aguibh a naghuidh áonduine: ionnas go maithfeadh bhur nathairsi a tá air néamh bhur ccionta féin dhaoibhsi mar an gcéudna.

26. Oír muna maíthtísi, ní mhaithfi bhur Nathair a tá air neamh bhur ccionta féin dhíbhsi.

27. Agus tangadar a rís go Híarusaléim: agus ar mbeith ag siobhal sa teampoll dósan, tangadar úachdaráin na sagart, agus na sgríobhuidhe, agus na sinnsir chuige,

28. Agus a deirid ris, Créd é an túghdarrás lé a ndéunann tusa na neithesi? Agus cía thug na cumhachda so dhuit do chum na neitheadh so do dhéunamh?

29. Achd ar bhreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Fiafróchaidh misi éin ní a mháin díbhsi, agus tabhruidh freagra oram, agus innéosaidh mé dhíbh cía an tughdarás lé a ndéunuim na neithe so.

30. An ó neamh, tháinic baisdeadh Eóin, nó ó dhaóinibh? Tabhruidh freagra orum.

31. Agus do bhádarsan ag diosbóireachd eatarra féin, ag rádh, Má deirmid, O neamh; a déura sé, Ar a nadhbharsin créd fá nár chréideabhairsi dhó?

32. Achd má deirmid, O dháoinibh; a tá eagla an phobuil oruinn: oír do bé a meas uile ar Eóin, gur bhfáidh é go fírinneach.

33. Agus ar bhfreagra dhóibhsion a dubhradar re Híosa, Ní bhfuil a fhios againn. Agus ar bhfreagra Díosa, a dubhairt sé riú, Ní mó innéosus misi dhibhsi cía an tughdarrás lé a ndéunaim na neithe so.

Marcus 11