Marcus 11:1-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus an tan thangadar a bhfogus do Ierusaleim, go Betpháge agus Betánia, ag slíabh na Noluidheadh, do chuir sé días dá dheisciobluibh úadh,

2. Agus a dubhairt sé ríu, Imthighidh don bhaile úd thall as bhur gcomhair, agus mar ráchtáoi a sdeach ann, do gheubhtháoi searrach ceanguilte, ar nár shuidh éunduine ríamh; sgáoilidh é, agus tabhruidh libh é.

3. Agus má deir éinneach ribh, Créud fá ndéuntáoi so? abruidh go bhfuil a ríachdanus ar an Dtighearna; agus cuirfidh sé úadh ann so ar ball é.

4. Achd do imthigheadarsan, agus fúaradar an searrach ceangailte ag an dorus don táoibh a muigh a ccomhrug dhá shligheadh; agus do sgáoileadar é.

5. Agus a dubhradar dream áirighthe don mhuinntir do bhí na seasamh ann sin riú, Créd do níthí, ag sgáoileádh an tsearraigh?

6. Achd a dubhradarsan riú mar do aithin Iósa: agus do leigeadar úatha íad.

7. Agus tugadarsan an searrach chum Iósa, agus do theilgeadar a mbruit air; agus do shuidh sé air.

8. Agus do leathnuigheadar mórán a mbrait ar a tslighe: agus do ghearradar drong eile géuga do na crannuibh, agus do chroitheadar ar a tslighe íad.

9. Agus an luchd do bhí rompa, agus na ndíaigh do éighmheadar, ag rádh, Hosanna; Is beannaighthe an té thig a nainm an Tighearna:

10. Is beannuighthe ríoghachd ar nathar Dáibhí, thig a nainm an Tighearna: Hosanna ann sna hárdaibh.

11. Agus do chúaidh Iósa a sdeach go Híarusaléim, agus don teampoll: agus ar bhféuchain na thimcheall ar gach én ní dhó, ar mbeith don tráth nóna ann, do chúaidh sé a mach go Betánia maille ris an dá fhear dheúg.

12. Agus an la na dhiáigh sin, an tan do chúadar a mach as Betánia, do ghabh ocrus é:

13. Agus an tan do chonnairc sé crann fíge a bhfad úadh ar a raibh duilleabhar, táinic sé, dhá fhéuchain an bhfuigheadh sé éin ní air: agus an tan tháinic sé chuige, ní bhfúair sé éin ní achd na duilléoga; óir nír bhí aimsir na bhfigidhe í.

14. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ris an gcrann fíge, O so súas nár ithe duine ar bith toradh dhiot go bráth. Agus do chúaladar a dheisciobail é.

15. Agus tangadar go Híarusaléim: agus ar ndul a sdeach don teampoll Díosa, do thionnsgain sé an dream do bhí ag reic agus ag ceannach ann sa teampoll, da chur a mach agus do theilg sé air lár buird luchd malarta an airgid, agus caithireacha luchd reaca na gcolum;

16. Agus ní fhuilngeadh sé go niomchoradh duine ar bith soightheach thríd an teampoll.

Marcus 11