41. Agus an tan do chúaladar an deichneabhar so, do thionnsgnadar míchéadfaidh do dhéunamh ar Shéumas agus air Eóin.
42. Agus ar na ngairm chuige Díosa, a dubhairt sé ríu, A tá a fhios aguibh an mhuinntir agá bhfuil cumhachda ar na Cineadhachaibh go bhfuil tighearnus aca orrtha; agus go mbid a ndáoine mórá tréún orrtha.
43. Achd cheana ní mar sin bhías sé eadruibhsi: achd gidh bé lé nab mian bheith na dhuine mhór bhur meásgsa, bíaidh sé na óglach aguibh.
44. Agus gidh bé aguibh lé nab mían bheith a dtosach, bíodh sé na sheirbhíseach ag cách uile.
45. Oír ní tháinic Mac an duine ionnas go ndéantuigh seirbhís dó, achd do dhéanamh seirbhísi, agus do thabhairt a anma féin mar éiric ar son mhórain.
46. Agus tangadar go Iericó: agus ar nimtheachd dósan agus á dheisciobluibh agus do bhuidhin mhóir as Iericó, do shuidh an dall Bartiméus, mac Thiméus, ar a tslighe ag iarruidh déirce.