Marcus 10:4-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Agus a dubhradarsan, Dfulaing Máoisi leitir dhealaighthe do sgríobhadh, agus a leigean.

5. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Is ar son chrúais bhur gcroidhesi do sgríobh sé a naithnesi dhíbh.

6. Gidheadh ó thósach an chruthaighthe fear agus bean do rinne Día íad.

7. Ar a nadhbharsin fúicfidh neach a athair agus a mhathair, agus ceangalfuigh sé dha mhnaoi;

8. Agus béid a ráon na náoin fhéoil: ionnas nach días íad as sin a mach, achd éin fhéoil amháin.

9. Ar a nadhbharsin gidh bé ní do cheangail Día ré chéile, na sgáoileadh duine é.

10. Agus a stigh a rís do chuireadar a dheisciobuil ceisd fán ní céudna sin air.

11. Agus a dubhairt seision ríu, Gidh bé ar bith duine léigfios a bhean, agus bhéuras bean eile, do ní se adhaltrannus na haghaidh.

12. Agus má leigeann bean a fear, agus go bpósfadh sí ré fear eile, do ní sí adhaltrannas.

13. Agus tugadar chuige leínibh, do chum go mbeanfadh sé ríu: agus do imdheargadar a dheisciobail an mhuinntir thug léo íad.

14. Achd an tan do chonnairc Iósa sin, do bhí míchéudfaidh aige orrthá, agus a dubhairt sé ríu, Leigidh do na leanbaibh teachd chugamsa, agus na toirmeasgaidh íad: óir is lé na leithéidibh súd flaitheas Dé.

15. A deirim ribh go fírinneach, gidh bé nach géubha rioghachd Dé chuige mar leanabh, nach racha sé a sdeach go brath innti.

Marcus 10