32. Agus do bhádar ar a tslighe ag dul súas go Híerusaleim; agus do bhí Iósa rompa: agus do ghabh iongantus íad; agus agá leanmhuin, do ghabh eagla íad. Agus ar mbreith an dá fhear dhéug dhó a ris, do thionnsgain sé na neithe do theigéumhadh dhó dinnisin dóibh,
33. Oír féuch, a tamaóid ag dul súas go Híarusaléim; agus do bhéarthar Mac an duine dúachdaranuibh na sagart, agus do na sgríobuidhibh; agus béuruid breith bháis air, agus do bhéaruid do na Cineadhachuibh é:
34. Agus do dhéunaid fonámhad fáoi, agus sgíursfuid é, agus géubhaid do shéilidhibh air, agus cuirfid chum báis é: achd éiréochuidh sé a ris an treas lá.
35. Agus tangadar Séumas agus Eóin, mic Shebedé, chuige, ag rádh, A Mhaighisdir, is sí ar dtoil go ndéantá dhúinn gidh bé ní íarrfam ort.
36. Achd a dubhairt seisean ríu, Créd as áill libh misi do dheunamh dhíbh?
37. Agus a dubhradarsan ris, Aontaigh dhúinn go suidhfigh fear aguinn ar do láimh dheis, agus fear eile ar do láimh chli, ad ghlóir féin.
38. Achd a dubhairt Iósa ríu, Ní fios dáoibh créd íartháoi. A néidir libh an cupán ibhimsi dól? Agus bhur mbaisdeadh leis an mbaisdeadh lé a mbaisdear misi?
39. Agus a dubhradarsan ris, Is éidir. Achd a dubhairt Iósa ríu, Go deimhin an cupán ibhimsi iobhtháoisi é; agus an baisdeadh lé a mbaisdear misi, baisdfithear sibhsi leis:
40. Achd suidhe ar mo láimh dheis agus ar mo láimh chli, ní leamsa a thabhairt úaim: achd don dream dar hullmhuigheadh é.
41. Agus an tan do chúaladar an deichneabhar so, do thionnsgnadar míchéadfaidh do dhéunamh ar Shéumas agus air Eóin.
42. Agus ar na ngairm chuige Díosa, a dubhairt sé ríu, A tá a fhios aguibh an mhuinntir agá bhfuil cumhachda ar na Cineadhachaibh go bhfuil tighearnus aca orrtha; agus go mbid a ndáoine mórá tréún orrtha.