Marcus 10:14-29 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

14. Achd an tan do chonnairc Iósa sin, do bhí míchéudfaidh aige orrthá, agus a dubhairt sé ríu, Leigidh do na leanbaibh teachd chugamsa, agus na toirmeasgaidh íad: óir is lé na leithéidibh súd flaitheas Dé.

15. A deirim ribh go fírinneach, gidh bé nach géubha rioghachd Dé chuige mar leanabh, nach racha sé a sdeach go brath innti.

16. Agus an tan do ghabh sé chuige íad an a uchd, ar gcur a lámh orrtha, do bheannaigh sé íad.

17. Agus an tan do chúaidh sé a mach ar a tslighidh, do rith óglach chuige, agus do léig sé ar a ghlúinibh dhó é, agus do fhíafruigh sé dhe, A Mhaighisdir mhaith, Créd do dhéuna mé do chum go bhfuighinn an bheatha mharthanach doighreachd?

18. Agus a dubhairt Iósa ris, Créd fá ngoireann tú maith dhíomsa? ní bhfuil éinneach maith, ach Día amhain.

19. A tá fios na naitheantadh agad, Ná déuna adhaltrannus, Ná ndéuna dunmharbhadh, Ná déuna goid, Ná déuna díadhnuisi bréige, Ná déuna mealltóireachd, Onóruigh thathair agus do mháthair.

20. Achd ar bhreagra dhósan, a dubhairt sé ris, A Mhaighisdir, do choimhéud mé íad so uile ó móige.

21. Achd ar bhféuchain Díosa air, tug sé gradh dhó, agus a dubhairt sé ris, A tá én ní duireasbhuidh ort: imthigh, reac a bhfuil agad, agus tabhair do na bochdaibh, agus do ghéubha tú cisde ar neamh: agus tárr, tóg do chros, agus lean misi.

22. Agus do ghabh doilgheas eisean ar son an chomhráidh sin, agus do imthigh sé go tuirseach: óir do bhí iomad saidhbhris aige.

23. Agus an tan do fhéuch Iósa na thimcheall, a dubhairt sé ré na dheisciobluibh, Créd é a dhocamhluighe don mhuinntir agá bhfuil saidhbhrios dul a sdeach go flaitheas Dé!

24. Agus do bhí úathbhás ar a dheisciobluibh tré na bhríathruibh. Agus ar bhfreagra Díosa a rís, a dubhairt sé riú, A chlann, créd é dhocrachd don mhuinntir chuireas a ndóigh a saidhbhreas, dul a sdeach go flaitheas Dé!

25. As fusa do chámhall dul tré chró snáthaide, ná do dhuine shaidhbhir dul a sdeach do flaitheas Dé.

26. Achd do ghabh barrúathbháis íadsan, ag rádh eatorra féin, Máseadh cía is éidir do shlánughadh?

27. Agus ar bhféuchuin Díosa orrtha a dubhairt sé, Ní bhfuil so air chumas do dháoinibh, achd a tá sé ar chumas do Dhía: óir a táid na huile neithe soidhéunta do Dhía.

28. Agus do thionnsgain Peadar a rádh ris, Féuch, do thréigeamairne gach uile ní, agus do leanamar thusa.

29. Achd ar bhfreagra Díosa, a dubhairt sé, A deirim ribh go fírinneach, nach bhfuil éin neach fhuigfeas a thigh, nó a dhearbhráithreacha, nó a dheirbhsheathracha, nó a athair, nó a mháthair, nó a bhean, nó a chlann, nó a dhúthaidh, ar mo shonsa, agus ar son an tsoisgéil,

Marcus 10