10. Agus a stigh a rís do chuireadar a dheisciobuil ceisd fán ní céudna sin air.
11. Agus a dubhairt seision ríu, Gidh bé ar bith duine léigfios a bhean, agus bhéuras bean eile, do ní se adhaltrannus na haghaidh.
12. Agus má leigeann bean a fear, agus go bpósfadh sí ré fear eile, do ní sí adhaltrannas.
13. Agus tugadar chuige leínibh, do chum go mbeanfadh sé ríu: agus do imdheargadar a dheisciobail an mhuinntir thug léo íad.
14. Achd an tan do chonnairc Iósa sin, do bhí míchéudfaidh aige orrthá, agus a dubhairt sé ríu, Leigidh do na leanbaibh teachd chugamsa, agus na toirmeasgaidh íad: óir is lé na leithéidibh súd flaitheas Dé.
15. A deirim ribh go fírinneach, gidh bé nach géubha rioghachd Dé chuige mar leanabh, nach racha sé a sdeach go brath innti.