1. Agus ar néirghe, as sin dó, táinic sé go críochuibh Iúdea trés an dtáobh thall do Iórdan: agus do chruinnigheadar slúaighte a rís chuige; agus, mar budh ghnáth leis, do theaguisg sé íad a rís.
2. Agus ar dteachd do na Phairisíneachuibh chuige, do fhíafruigheadar dhé, dá theasdughadh, Nar cheaduigheach dfior a bhean do léigean?
3. Achd ar bhfregra dhósan a dubhairt sé ríu, Créd do aithin Máoisi dhibh?
4. Agus a dubhradarsan, Dfulaing Máoisi leitir dhealaighthe do sgríobhadh, agus a leigean.
5. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Is ar son chrúais bhur gcroidhesi do sgríobh sé a naithnesi dhíbh.
6. Gidheadh ó thósach an chruthaighthe fear agus bean do rinne Día íad.