6. Agus do bhí Eóin ar na éadughadh dó rúaínneach cámhall, agus crios leathair timcheall a leasruigh; agus a sé bíadh do itheadh sé, lócuisdighe agus mil choilteamhail;
7. Agus do rinne sé seanmóir, ag rádh, Tig am dhiáighsi neach is neartmhuire na misi, ag nách fiu mé cromadh agus íallach a bhróg do sgáoileadh.
8. Go deimhin do bhaisd misi sibh lé huisge, achd cheana baisfidh seision sibh leis an Spiorad Náomh.
9. Agus tarla ann sna laéthibh sin, go dtainic Iosa ó Nasarét na Galilé, agus gur baisdeadh é a Iórdan lé Héoin.
10. Agus ar ndul súas dó ar an mball as a nuisge, do chonnairc sé neamh ar ná sgóiltadh ó cheile, agus an Spiorad ag tuirrling airsion a riochd choluim:
11. Agus táinic guth ó neamh, Is tusa mo Mhac grádhachsa, an a bhfuil mo mhór thoil.
12. Agus ar an mball do tharruing an Spiorad é ar an bhfásach.
13. Agus do bhí sé ann sin ar an bhfásach dhá fhithchead lá, ág fulang chathuighthe ó Shátan; agus do bhí sé a bhfochair na mbeitheach allta; agus do bhí na haingil ag mionasdrálachd dó.
14. Agus tar éis Eóin do chur a bpriosún, táinic Iósa don Ghalilé, ag seanmoir soisgéil rioghachda Dé,
15. Agus ag rádh, Do coimhlíonadh a náimsir, agus do dhruid ríoghachd Dé rinne: déanuigh aithríghe, agus creidigh don tsoisgéul.
16. Agus ar siubhal dó láimh ré fairge na Galilé, do chonnairc sé Síomón agus Aíndrias a dhearbhráthair ag teilgean lín ann sa bhfairge: (óir do budh íasguireadha íad.)