Marcus 1:32-45 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

32. Agus an tan do bhí deireadh an láoi ann, ar ndul don ghréin fáoi, tugadar chuige gach áon dá raibh easlan, agus an a rabhadar deamhain.

33. Agus do bhí an chathair uile ar gcruinniughadh chum an doruis.

34. Agus shlánuigh sé mórán ar a rabhadar easláinteadha ilghnétheacha, agus do theolg sé amach mórán deamhan; agus níor fhulaing sé do na deamhnuibh a rádh, go raibh éolus aca air.

35. Agus ar maidin, go romhoch ar néirghe dhó a ndeireadh na hoidhche, do chúaidh sé amach, agus do imthigh sé go háit fhásamhuil, agus do rinne sé urnuighthe ann sin.

36. Agus do lean Siómon é, agus an dream do bhí na fhochuir.

37. Agus an tan fúaradar é, a dubhradar ris, Atá gach áonduine dod íarruigh.

38. Agus a deir seision ríu, Déanam do na bailtibh beaga so láimh rinn, do chum go ndéanuinn seanmoir ann sin leis: óir is chuige so tháínic me a mach.

39. Agus do rinne sé seanmoir an a sionagógaibh ar feadh na Galilé uile, agus do theilg sé na deamhain a mach.

40. Agus tig lobhar chuige, dá léigean ar a ghlúinibh dhó, ag íaruigh dathchuinge air, agus dá rádh ris, Más toil leachd, is éidir leachd misi do ghlanadh.

41. Agus ar ngabháil truaighe móire Díosa dhó, agus ar sineadh a láimhe, do bhean sé ris, agus a dubhairt sé ris, Is toil; bí glan.

42. Agus ar labhairt dósan, do imthigh an lubhra úadh ar ball, agus do bhí sé ar na ghlanadh.

43. Agus tar éis bagar air, do chuir sé úadh é do lathair;

44. Agus a dubhairt sé ris, Tabhair dod aire nach innéosa tú déinneach é: imdigh, taisben thú féin don tsagart, agus iodhbair ar son do ghlanta na neithe do aithin Máoise, mar fhíadnuisi dhóibh.

45. Agus ar nimtheachd dósan a mach do thionnsgain sé mórán dfhoillsiughadh, agus an ní do chur ós aird, ionnas nach raibh neart ag Iósa dul a sdeach sa gcathruigh ós aird, achd bheith a muigh a nionaduibh fásamhla: agus tangadar chuige as gach uile aírd.

Marcus 1