Marcus 1:17-22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

17. Agus a dubhairt Iósa ríu, Leanaidh misi, agus do dhéana mé íasguireadha ar dháoinibh dhíbh.

18. Agus ar bhfagbháil a líontadh ar an mball dóibhsion, do leanadar é.

19. Agus ar nimtheachd dó beagan as sin, do chonnairc sé Séumas mhac Sebede, agus Eoin a dhearbhráthair, agus íad a luing ag córugbadh a líontadh.

20. Agus do ghoir sé íad ar an mball: agus ar bhfagbháil Sebedé a nathar dhóibhsion an sa luing maille ris an luchd túarasdail, do leanadar é.

21. Agus tíaghuid a sdeach go Capernáum; Agus ar an mball sá stsabbóid do chúaidh Iosa don tsionsgóig, agus do theaguisg sé ann.

22. Agus do ghabh iongnadh íadsan fá na theagasg: óir do theaguisg sé íad mar neach agá raibh cumhachda, agus ní mar na sgríobuighe.

Marcus 1