1. Tosach shoisgeil Iósa Chríosd, Mhic Dé;
2. Mar atá sgríobhtha annsna fáidhibh, Féuch, cuirim mo theachdaire romhad, noch uillmheochas do shlighe romhad.
3. Guth an tí éimhgheas ar an bhfásach, Oílmhuighidh slighe an Tighearna, déanaidh a chasáin díreach.
4. Do bhí Eoin ag baisdeadh ar an bhfásach, agus ag seanmóir bhaisdigh na haithrighe do chum maithmheachuis na bpeacadh.
5. Agus do chúaidh tír Iúdaighe uile, agus luchd Iérusaléim a mach chuige, agus do bhaisdeadh leis íad uile a sruth Iordáin, ag admháil a bpeacadh.
6. Agus do bhí Eóin ar na éadughadh dó rúaínneach cámhall, agus crios leathair timcheall a leasruigh; agus a sé bíadh do itheadh sé, lócuisdighe agus mil choilteamhail;
7. Agus do rinne sé seanmóir, ag rádh, Tig am dhiáighsi neach is neartmhuire na misi, ag nách fiu mé cromadh agus íallach a bhróg do sgáoileadh.