43. Achd do ghabh úathbhás cách uile trí mhórchumhachd Dé. Agus ar mbeith ag déanamh iongantus doibh uile ann gach uile ní da ndearnuidh Iósa, a dubhairt sé ré na dheiscioblaibh,
44. Taisgidh na bríathrasa ann bhur gcluasaibh: óir tiofuidh chum chríche go dtiobharthar Mac an duine a lámhuibh na ndaóine.
45. Achd níor thuigeadarsan an comhrádhsa, agus do bhí sé ar na fholach úatha, ionnas nar airigheadar é: agus do bhí eagla orrtha ceisd do chur airsion a dtimcheall an chomhráidh sin.
46. Agus déirigh diospóireachd eatarra, cía dhíobh féin budh mhó.
47. Agus ar bhfaicsin smuaintighe a gcroidhe, Díosa, do ghabh se leanabh chuige, agus chuir sé na aice féin é.
48. Agus a dubhairt sé riú, Gidh bé ghéubhas chuige an leanabh so a mainmsi is misi ghabhas se chuige: agus gidh bé ghéubhas misi chuige, gabhuidh sé chuige an té do chuir uádh mé: óir gidh bé is lugha eadruibhsi uile, bíaidh se mór.
49. Agus ar bhfreagra Déoin a dubhairt sé, A Mhaighisdir, do chunncamairne duine áirighe ag teilgean deamhan a mach ad ainuisi; agus do thoirmeasgamar é, ar son nach leananu sé dhínne.
50. Agus a dubhairt Iósa ríu, Ná toirmeasuidh é: oir gidh bé nach bhfuil ar naghuidh atá sé linn.