38. Agus, féuch, do éigh neach don tslúagh, ag rádh, A Mhaighisdir, iárruim ort, feuch ar mo mhac: oír a sé méinghein é.
39. Agus, féuch, beirídh an spiorad air, agus éimhigh sé go hobann; agus tairrngidh sé as a cheile é ag cur cubhair amach, agus is ar éigin fhágfas sé é tar éis a chomhmbrúghadh.
40. Agus diárr mé ar do dheiscioblaibhsi a chur as; achd níor fhéadadar.
41. Agus ar bhfreaga Díosa a dubhairt sé, A chineadh míchreidmheach cláon, ga fad fós bhiás mé eadruibh, agus fhuileongas mé sibh? Tabhair do mhác leachd an so.