Lucais 8:7-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Agus do thuit cuid eile a measg deilguigh; agus ar bhfas don deilgneach a náoinfheachd ris, do thachdadar é.

8. Agus do thuit cuid eile a dtalamh mhaith, agus an tan do fhás sé, tug sé toradh céadach úadh. Agus ar na rádh so dhó, do éigh sé, Gidh be agá bhfuilid clúasa chum éisdeachda, éisdeadh sé.

9. Agus do fhiáfruigheadar a dheisciobuil de, ag rádh, Créd é an chosamhachdsin?

10. Agus a dubhairt seisean, Is dáoibhsi tugadh rúndiamhra rioghachda Dé daithniughadh: achd do chách eile a ccosamhlachduibh; ionnus ag faicsin dóibh nach bhfaicdís, agus ag cluinsin dóibh nach dtuigfidís.

11. Ag so an chosamhlachd: a sé an síol bríathar Dé.

Lucais 8