50. Agus ar na chluinsin so Díosa, do fhreagair sé é, ag rádh, Na bíodh eagla ort: créid amhain, agus sláineóchthar í.
51. Agus ar ndul a sdeach don tigh dhó, níor fhuiling sé neach ar bith do dhul a sdeach, achd Peadar, agus Séumus, agus Eóin, agus athair agus mathair an chailín.
52. Agus do bhádar cách uile a gul, agus dá cáoineadhsa: achd a dubhairt seision, Ná guilidh; ní bhfuil sí marbh, achd na codladh.
53. Agus do rinneadarsan fonomhad faoi, tré go raibh a fhios aca go raibh sí marbh.
54. Agus ag cur cháich uile amach dhósan, agus ad breith ar a láimh, do éigh sé, ag rádh, A chalín, éirigh.
55. Agus táinic a spiorad a rís innte, agus déirigh sí ar an mball: agus do aithin sé bíadh do thabhairt dí.