40. Agus tárla, an tan do fhill Iósa tar ais gur ghabh an sluagh chuca é: óir do bhádar uile ag feitheamh ris.
41. Agus, féuch, táinic neach áirighe dar bhainm Iáirus, do bhí na úachdarán ar a tsinagóig: agus an tan do shléuchd sé ag cosaibh Iósa, diárr sé dathchuinghidh air dul leis dá thigh féin:
42. Do bhrígh go raibh éinghein inghine aige, timcheall a dá bhliadhan dég, agus í fagháil bhais. Achd ar mbeith ag imtheachd dhó do bhí an sluagh dha bhrughadh.
43. Agus bean do bhí a bhflucsa fola dá bhliadhuin dég, agus do chaith a raibh aice le leaghaibh, agus nar béidir le héinneach a leigheas,
44. Do chúaidh sí táobh shíar dheision, agus do chumail sí ré himeal a bhruit: agus do sguir a dórtadh fola ar an mball.
45. Agus a dubhairt Iósa, Cía so do bhean rium? Agus ar na shéana do chách uile, a dubhairt Peadar agus an dream do bhí na fharraidh, A Mhaighisdir, atá an slúagh ad bhrughadh agus ad phluchadh, agus a nabair tú, Cía bhean rium?
46. Agus a dubhairt Iósa, Do bhean duine éigin riom: oír do mhothuigh mé subhailce dul asam.