10. Agus a dubhairt seisean, Is dáoibhsi tugadh rúndiamhra rioghachda Dé daithniughadh: achd do chách eile a ccosamhlachduibh; ionnus ag faicsin dóibh nach bhfaicdís, agus ag cluinsin dóibh nach dtuigfidís.
11. Ag so an chosamhlachd: a sé an síol bríathar Dé.
12. Agus an dream úd chois na sligheadh a siad éisdeas; na dhiáigh sin tig an díabhal, agus tógbhuidh sé an bhriáthar as a gcróidhe, deagla go gcreidfidís agus go slánéochtháoi iád.
13. Agus an dream úd air an gcarruic, noch an tan do chluinid, gabhuid chuca an briathar maille lé gáirdeachus; achd ní bhfuil fréamh aca so, noch chreideas feadh tamuill, agus fhilleas ar a nais a naimsir an chathaigthe.
14. Achd an ní úd do thuit a measg na ndeilbneach, a siad so do éisd, achd ar nimtheachd dóibh, muchtar íad lé cúram agus lé saidhbhreas agus lé saímhe na beatha, agus ní thabhruid toradh úatha.